Gallery

An Crann Óg le Mairead Ní Mhaonaigh

Na Piobaire Uilleann Gradam Ceoil

 

Clann Mhic Ruairí – Seanduine Doite

 

The Unwanted

 

Maighréad & Triona Ni Dhomhnaill – Geaftaí Bhaile Buí

 

Photo Gallery


 

Ceol agus craic i nGaoth Dobhair do Loinneog Lúnasa!

Tá lúcháir orainn Loinneog Lúnasa 2018 a chur i bhur láthair, féile pobail-bhunaithe a thugann ardán do cheol agus do chultúr na Gaeltachta i dTír Chonaill. Tá ceiliúradh speisialta á dhéanamh le linn na féile i mbliana ar An Crann Óg, 10 mbliana ag fás. An chéad Ghlúin. Bunaíodh An Crann Óg sa bhliain 2008 agus d’fhoilsigh siad a gcéad CD i 2009. Tagann an chéad ghlúin le chéile arís le ceiliúradh a dhéanamh ar na chéad cúig bliana den ghrúpa agus An Crann Óg, mar atá inniu. Tá an Crann Óg 10 mbliana ag fás agus beidh muid ag ceiliúradh grúpa an lae inniu agus an fás agus forbairt atá tagtha ar an ghrúpa le deich mbliana.

I measc na buaic phointí cultúrtha sa cheantar, tá Feile Loinneog Lúnasa, ceiliúradh ar an tsaibhreas atá forleathan san áit.
Beidh deireadh seachtaine fada de cheol, cultúr agus craic i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall. Beidh sé ag tarlú ar fud na paróiste ón 9-13ú Lúnasa.

Mar bhuaic phointí eile den chlár, beidh ceol le amhránaithe cáiliúla idirnáisiúnta chomh maith le tallann óg.
Cuirfear tús leis an fhéile oíche Dhéardaoin le ceol leis ‘Na Mooneys’ Trad Ard in Amharclann Ghaoth Dobhair agus deireadh leis an fhéile le KGB – Paddy Keenan ( The Bothy Band) Frankie Gavin ( De Dannan) Dermot Byrne ( Altan). Beidh ceardlann an duine acu níos luaithe ar an Luain.

Fillfidh an ceoltóir cáiliúil idirnáisiúnta le Clannad, Moya Brennan le oíche speisialta ceoil a chur ar fáil i dTábhairne Leo, lena clann ceolmhar féin ina cuideachta agus cairde.

Tá éagsúlacht de imeachtaí teaghlaigh ag tarlú i rith an lae agus neart seisiún ceoil agus damhsa ins na tábhairní agus óstáin áitiúla. Deir ball de choiste eagruithe Loinneog Lúnasa “Bhí muid ag iarraidh féile a chruthú a dhéanfadh ceiliúir ar an traidisiún láidir atá sa cheantar, ach a dhéanfadh spreagadh ar cheoltóirí óga an traidisiún sin a iompar ar aghaidh. Sin an fáth a bhfuil béim againn ar cheardlainne agus ceolchoirmeacha leis na ceoltóirí is fearr. Tá bród mhór orainn go ndéanann Loinneog Lúnasa an tobar domhan seo de thálainn áitiúil a cheiliúradh agus a chothú.”

Teagmháil

cfgd@eircom.net
0749532208.

Loinneog Lúnasa.
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair is delighted to present Loinneog Lúnasa 2018, a community-based festival celebrating the music and culture of the Donegal Gaeltacht. This year’s festival will celebrate 10 years of An Crann Óg, a group of young local musicians who released their first CD in 2009.